
Ar an leathanach baile, taispeántar liosta de na tíortha ar fad ar féidir cuardach a dhéanamh ina mbunachair sonraí.
Cliceáil ar bhratach tíre chun an tír sin a roghnú; tabharfar chuig an scáileán cuardaigh ansin thú.
Sa roghchlár ar thaobh na láimhe clé, cuirtear 3 rogha romhat:
Tríd is tríd tá an scáileán cuardaigh mar an gceánna i gcás gach tíre, is cuma cén leagan amach atá ar a bunachar sonraí náisiúnta.
Mar sin féin, ós rud é nach ionann na feidhmeanna cuardaigh ó thír go chéile, is féidir go mbeidh roinnt de na réimsí cuardaigh díghníomhachtaithe uaireanta.
Leideanna cuardaigh
Torthaí cuardaigh a bheachtú nó a leathnú
Ar gach leathanach torthaí bíonn achoimre ar na critéir chuardaigh a roghnaigh tú agus ar an leathanach sin is féidir an méid seo a dhéanamh:
Difríochtaí sa dóigh a dtaispeántar torthaí cuardaigh
Tá na gnéithe teicniúla den teicneolaíocht ceangail á gcur in oiriúint dá chéile, agus go dtí go mbeidh an obair sin curtha i gcrích, seans go mbeidh difríochtaí ó thír go chéile sa dóigh a dtaispeántar torthaí (e.g. an leagan amach, na roghanna aistriúcháin atá ar fáil).
Is féidir aistriúchán uathoibríoch – ar a dtugtar meaisínaistriúchán freisin – a úsáid chun torthaí cuardaigh (teidil, tagairtí agus achoimrí san áireamh) a aistriú go ceann ar bith de theanga oifigiúla an Aontais. I láthair na huaire tá sin ar fáil i gcás na dtíortha seo a leanas:
An Bhulgáir, an Chróit, an Danmhairg, an Eastóin, Éire, an Fhionlainn, an Fhrainc, an Ghearmáin, an Iodáil, an Ísiltír, an Laitvia, an Ostair, an Pholainn, an Rómáin, an tSlóivéin, an Spáinn, an tSualainn, an Ríocht Aontaithe (Ina Ballstát go dtí 31.01.2020) agus an Ungáir.
An uirlis a úsáid
Tógann sé isteach is amach le nóiméad amháin leathanach iomlán torthaí a aistriú (braitheann luas an aistriúcháin ar an líon téacs atá á thaispeáint).
Má tá níos mó ná leathanach amháin torthaí ann, beidh ort an t-aistriúchán a dhéanamh leathanach ar leathanach.
Is é seo an cuardach is ceart duit a úsáid más mian leat roinnt tíortha a chuardach le chéile.
Ní féidir ach na tíortha seo a leanas a chuardach le chéile: An Bhulgáir, an Chróit, an Danmhairg, an Eastóin, Éire, an Fhionlainn, an Fhrainc, an Ghearmáin, an Iodáil, an Ísiltír, an Laitvia, an Ostair, an Pholainn, an Rómáin, an tSlóivéin, an Spáinn, an tSualainn, an Ríocht Aontaithe (Ina Ballstát go dtí 31.01.2020) agus an Ungáir.
Is féidir an cuardach a dhéanamh ar 2–19 dtír i gcomhthráth.
Ní féidir ach an cuardach de réir foca(i)l sa teideal agus sa téacs a úsáid mar pharaiméadar coiteann do na tíortha sin go léir.
Roghnaigh na tíortha a bhfuil suim agat iontu sa roghchlár ar thaobh na láimhe clé. Ansin iontráil an focal/na focail sna réimsí cuí, i dteanga an chomhéadain.
Tar éis duit 3 charachtar a iontráil, molfaidh teasáras EUROVOC téarma amháin nó níos mó duit. Má iontrálann tú focal nach bhfuil sa Teasáras, bainfear úsáid as an aistriúchán uathoibríoch chun an téarma atá curtha isteach agat a aistriú chuig an teanga fhoinseach (is é sin, teanga an bhunachair shonraí atá á chuardach agat).
Taispeántar na torthaí de réir tíre, ar aon leathanach amháin. Tugtar rogha duit aistriúchán uathoibríoch a dhéanamh ar na torthaí freisin.
Cuardach a dhéanamh i níos mó ná aon tír amháin san am céanna.